Fáilte go hInis Oírr ar líne - suíomh gréasáin na n-oileánach le eolais a thabhairt do thurasóirí.

AN T'OILEÁNACH

Ar an oileán feictear modh maireachtála traidisiúnta á chleachtadh ag muintir na háite. Timpeall 252 duine a chónaíonn ar an oileán go buan agus is í an Ghaeilge a dteanga labhartha. Cuireann an cultúr Ceilteach agus áilleacht na háite go mór leis an áit speisialta seo. Tá a chultúr speisialta féin d'amhránaíocht, damhsa agus ceol ag Inis Oírr.

D'imir an fharraige páirt ollmhór i saol na n-oileánach leis na céadta bliain. Bhí bia le fáil acu ón bhfarraige, cosaint in aimsir cogaíochta agus beathú le linn gorta. Ach tá an fharraige cruálach agus fealltach. Bíonn siad scoite amach ón mórthír agus ó chóir leighis le linn stoirmeacha, scaití. Faraor, báitheadh daoine freisin. Tugann na hoileánaigh ómós don fharraige; tuigeann siad na buntáistí agus dainséar a bhaineann léi.