Fáilte go hInis Oírr ar líne - suíomh gréasáin na n-oileánach le eolais a thabhairt do thurasóirí.

AN TÍRDHREACH

Is macasamhail de cheantar na Bóirne atá in Inis Oírr. Tá sé 60m os cionn na farraige ag pointe amháin. Sraith tanaí fóid agus féir atá ann agus tá na gríoga loma aolchloiche le tabhairt faoi deara i go leor áiteanna. Bhíodh oileánaigh ag "déanamh" talamh roimhe seo trí ghaineamh a scaipeadh ar an aolchloch agus féar agus plandaí a chur ann. Tógtar claíocha cloch le lámh, agus bíonn siad mar theorainn idir thalamh na n-oileánach.

Bíonn claí cloiche timpeall ar chuile bhuaile agus feiceann turasóirí iad mar lúbraí. Blianta ó shin bhíodh oileánaigh ag tógáil na gclaíocha seo le fáil réidh le clocha a bhíodh scaipthe thart ar an talamh a bhíodh uatha le feirmeoireacht. Tugann na claíocha cosaint agus foscadh do na plandaí freisin. Tá na claíocha tógtha sa mbealach go bhfuil an ghaoth in ann dul tríothu agus mar sin tá siad in ann seasamh i gcoinne fórsa láidir na ngálaí aniar aneas.

Tá cnuasach tithe tógtha ar an taobh ó thuaidh den oileán mar gheall go bhfuil foscadh ann.

Cé go bhfuil an daonra titithe ó 532 in 1861 go dtí 250 faoi láthair, tá an t-oileán ag dul chun cinn níos fearr ná riamh. Tá seirbhís laethúil bád agus eitleán chun na mórthíre ag Inis Oírr. Níl Inis Oírr chomh scoite amach agus a bhí tráth, agus tá seirbhísí riachtanacha cosúil le seirbhísí sláinte tagtha chun cinn go mór.

  • baile
  • On aer