Fáilte go hInis Oírr ar líne - suíomh gréasáin na n-oileánach le eolais a thabhairt do thurasóirí.

STAIR

Tagann an t-ainm Inis Oírr ó "Inis Oirthir", mar go bhfuil sé ar an gceann is faide soir d'Oileáin Árann. Tá oidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha ag Inis Oírr, a áiríonn seandálaíocht nádúrtha sa tírdhreach, oidhreacht Chríostúil, stair, béaloideas, fásra agus saol oileáin.

Tá cónaí ar dhaoine in Inis Oírr le níos mó ná 5,000 bliain; frítheadh rinn saighde agus cloch thine ón gClochaois ag suímh éagsúla timpeall an oileáin. Is fianaise den Chré-umhaois iad na prócaí agus cnámha a fuarthas ag Cnoc Raithní. Tá stair an oileáin ceangailte go dlúth leis an bhfarraige. Bhí bia le fáil ag muintir na háite ón bhfarraige agus cosaint ón nGorta.