

SIÚLÓID INIS OÍRR
Tá an siúlóid do bhealach Inis Oírr 10/12 km agus tógann sé idir 3½ agus 4 uair an chloig. Is siúlóid an-speisialta é seo agus bainfidh chuile dhuine a dhéanann é taitneamh as. Ba cheart tosaí ar an siúlóid ag Cnoc Raithní, carn chiorclach ar chúl na trá agus ar thaobh na láimhe clé den pháirc peile.
CNOC RAITHNÍ: Níor thángthas ar an séadchomhartha seo nó go raibh feiceáil air taréis stoirme in 1885. Tá sé ann ó aimsir na Créumhaoise, 1500 R.C. agus tógadh mar charn adhlactha é. De réir an tseanchais ba iad na Firboilg an chéad dream a raibh cónaí orthu ar an oileán tar éis dóibh teitheadh chuig an oileán le n-éalú ó lucht ionsaithe. ---Leanann muid orainn soir an bóthar ar chúl na trá. Feiceann tú na currachaí traidisiúnta uait ar an trá. Is báid bheaga iad seo le clúdach canbháis ar fhráma adhmaid. Ansin téann muid thar an láthair campála, suas an cnoc agus feiceann muid uainn Teampall Chaomháin
TEAMPALL CHAOMHÁIN: Is é Caomhán naomhphatrún an oileáin, deisceabal a bhí ann le Naomh Éanna. Tá fothracha an tséipéil ag dul siar go dtí an 10-14ú céad agus bhíodh gaineamh shéidte le glanadh as san am atá caite. Tá go leor sliogán ar an mbealach isteach chun na reilige, dramhcharn ó aimsir na Luathchríostaíochta nó na meánaoise. Is anseo sa reilig atá Leaba Chaomháin freisin.
AN LOCH MÓR: Feiceann tú an loch má leanann tú ort soir ón reilig. Déanadh anailís ar shamplaí pailine ón loch a thugann le fios go raibh an t-oileán faoi bhrat crann na mílte bliain ó shin. ---Má leanann tú ort le hais na farraige tiocfaidh tú chomh fada leis an Plassy
AN PLASSY: I 1960, cuireadh an Plassy suas ar charraig na Finise le linn stoirm fhiáin. Níor báitheadh aon duine mar shábháil na hoileánaigh chuile dhuine a bhí ar bord. ---Níos faide amach tá an Teach Solais agus oibríonn sé go huathoibríoch ón mbliain 1978. Tá sé 37m ar airde. Scairteann an solas 20 muirmhíle ó bhaile san oíche. Má shiúlann tú ar ais agus dul tríd Bhaile an Fhormna amach an bóthar tiocfaidh tú ag Cill na Seacht nIníon.
CILL NA SEACHT nINÍON: Is fothrach de mhainistir taobh istigh de dhún beag cloiche é seo. Tá altóir ann agus cloch a bhfuil crois greanta isteach inti le feiceáil anseo. ---Caithfidh tú dul ar ais an treo ar tháinig tú ansin agus an chéad róidín ar chlé a thógáil (Róidín na Síog, ag an seanstáisiún ginte leictreachais) agus suas bóithrín ag déanamh ar Bhaile an Chaisleáin.
CAISLEÁN UÍ BHRIAIN: Caisleán trí stóir é seo a thóg na Brianaigh a bhí in úinéireacht an oileáin go dtí an bhliain 1585. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de Dhún Fhormna a théann siar chomh fada leis an gClochaois. ---nuair a fhágann tú an caisleán cas ar dheis suas an cnoc chomh fada leis na humair uisce agus an túr faire. Tógadh é seo sa bhliain 1804/05 agus seasann sé amach ar an oileán. Anseo atá an seanscoil freisin a tógadh in 1885. Lean ort amach an bóthar céanna ar feadh 5 nóiméad nó go dtagann tú chomh fada le bóithrín féarach ar thaobh na láimhe deise. Tabharfaidh sé seo síos amach ar chúl Oifig an Phoist tú. Lean ort siar ansin go dtí an séipéal ar do chlé. Coinnigh leis an bpríomhbhóthar ar clé agus ná tóg an chéad clé eile nó go dtiocfaidh tú ag ceangal beag T sa bhóthar. Tóg an bóthar ar chlé anseo, ansin ar dheis agus ar chlé arís suas go dtí Áras Éanna. Lean ort amach an bóthar seo nó go dtagann tú go dtí casadh ar dheis. Tá Tobar Éanna síos an bóthar seo ar dheis.
TOBAR ÉANNA: Deirtear go raibh cónaí ar Naomh Éanna i glochán nó clochán coirceogach in aice láimhe. Tá an-ómós ag na hoileánaigh don tobar seo. Deirtear má éiríonn leat eascann a fheiceáil sa tobar gur deachomhartha é. --- Ag fágáil Tobar Éanna duit cas ar dheis i dtreo an chladaigh agus ansin ar dheis arís. Tabharfaidh an bóthar seo ar ais chun na céibhe thú. Ar an mbealach is féidir leat an chéad bhóthar a chasann ar dheis tar éis 1km. a thógáil (Creagáin an Asail) agus tiocfaidh tú amach in aice le Cill Ghobnait.
CILL GHOBNAIT: Tógadh an séipéilín beag seo - Teampall Ghobnait, san 8ú nó 9ú haois. Deirtear gur theith Naomh Gobnait, patrún Bhaile Bhuirne go hInis Oírr le n-éalú óna naimhde ar an mórthír. Ag fágáil Cill Ghobnait duit, tabharfaidh siúlóid bheag suas an cnoc go dtí Áras Éanna tú, nó tabharfaidh siúlóid ghearr síos an cnoc ar ais go dtí an chéibh tú.





