Lúnasa 2010
‘Gaeilge & Fáilte!’
Tá an seomra feithimh in oifigí an chomharchumainn ag feidhmiú anois mar Ionad Seirbhísí Teanga agus mar Oifig Eolais. Is féidir cártaí gnó nó eolas ábharthach eile a fhágáil isteach san oifig.
Is féidir leat freastal ar na ranganna Gaeilge atá ar siúl in oifigí an chomharchumainn.
Meán leibhéal: 8 -10.00 Dé Luain
Bun leibhéal: 3 - 4.00 Dé Máirt
Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl i dTeach an Tae chuile Déardaoin ón 3-4.00.
An Halla
Tá obair fheabhsúcháin á dhéanamh ar an halla faoi láthair chun caighdeán sásúil ó thaobh sábháilteacht tine de a bhaint amach. Tá buíochas ag dul do Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Comhar na nOileán a chur maoiniú ar fáil do na hoibreacha seo. Tá áthas orainn a rá go bhfuil an ceadúnas damhsa bainte amach arís i mbliana ag an halla.
An Timpeallacht
Tá an comharchumann ag fáil go leor clamhsáin ó mhuintir na háite agus ó strainséaraí faoi an méid bruscar atá dóite agus caite ar chraga an oileáin. Níl aon ghá fáil réidh le earraí ar an gcaoi seo. Tá Athchúrsáil Árann Teo ag cur seirbhíse bailiúchán bruscair ar fáil go rialta.
Leabharlann Inis Oírr
Tá an leabharlann lonnaithe in oifigí an chomharchumainn.
Uaireanta Oscailte
Dé Máirt 2.30 – 4.30
Déardaoin 2.30 - 4.30
Dé Sathairn 12.00-2.00
Eolas ó Fochoistí & Grúpaí
Athchúrsáil Árann Teo
Meabhraítear díobh na málaí dramhaíola a bheith fágtha amuigh roimh an 10.00 a chlog ar maidin lena chinntiú go mbailítear iad.
Eolas Ginearálta
Cúrsa Sábháilteachta Snámha
Beidh an cúrsa seo ag tosnú ag a 12.00 i.n Dé Luain an 9 Lúnasa go dtí 13 Lúnasa. Is féidir le daoine fásta, páistí, tosaitheoirí agus feabhasaitheoirí páirt a ghlacadh ann. Beidh tacaí beatha bunúsach (cpr) mar chuid den chúrsa seo. Má tá suim agat an cúrsa seo a dhéanamh fág d’ainm agus do dháta breithe le do thoil in oifig an chomharchumainn roimh an Aoine 6 Lúnasa 2010.
Cúrsaí Gaeilge
Má tá suim agat i gcúrsaí seachtainiúla do dhaoine fásta, tá spásanna fágtha ar chúrsa an 16ú - 20ú Lúnasa. Eolas ó Bhríd: cualain@eircom.net agus ag www.cleasaiocht.com. (087) 6774751
Banc na hÉireann
Beidh an banc in oifigí an chomharchumainn
Dé Máirt 6 Iúil, Dé Máirt 20 Iúil, agus Dé Máirt 17 Lúnasa.
Uaireanta Oscailte:
10.00 r.n – 1.00 agus 2.00 – 3.00 i.n
An tIonad Sláinte
Clinic an Dochtúir
Dé Luain 2 i.n – 4i.n
Dé Máirt 10.00 r.n – 1.00 i.n
Déardaoin 10.00 r.n – 1.00 i.n
Uimhir an Dochtúir: 087 3196668
(Seo í an uimhir is cuma cé’n dochtúir atá ar dualgas)
Uimhir an Bhanaltra: 087 2662957
Uimhir Árasán an Bhanaltra: 099 75215
Uimhir Árasán an Dochtúir: 099 75216
Uimhir Baile an Dochtúir: 099 75199


