LÓISTÍN
Tithe Leaba & Bricfeasta
Ard Mhuire
Tá Ard Mhuire ag freastal ar thurasóirí le fada. Tógadh é sa bhliain
1934 agus athchóiríodh as an nua é i 1998. Déanfaidh muid gach ar féidir
linn duit le go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt ag nascadh an seanstíl
leis an só nua-aimseartha. Tá muid suite in aice na céibhe agus in aice
leis an trá fhada ghainimh.
Aitheantas Fáilte Éireann. Tuilleadh eolais ar fáil ó Úna ag Teil: +353
99 75005
Radharc an Chláir
Tá Radharc an Chláir suite ar Bhaile an Chaisleáin, siúlóid ghairid
ón gcéibh agus aerstráice. Tá radharcanna áille ar Ailltreacha an Mhóthair,
ar Cheantar na Bóirne agus ar Chonamara ón teach. Tá ciúnas agus suaimhneas
sa teach. Tá aitheantas Fáilte Éireann ag an teach lóistín seo agus
é luaite ar shuíomh gréasáin Gulliver Ireland. Oscailte i rith na bliana.
Dinnéar ar fáil dóibh siúd a fhanann sa teach.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Bhríd ag Teil: +353 99 75019, nó r-phost
bridpoil@eircom.net
Tigh Uí Chatháin
Tá Tigh Uí Chatháin suite ar Bhaile an Fhormna. Tá radharcanna dochreidte
as na seomraí ar Chuan na Gaillimhe agus ar Inis Meáin agus trá breá
glan in aice láimhe. Tá an chéibh, an aerstráice agus na tithe tábhairne
sách cóngarach le siúl chomh fada leo. Beidh fáilte, compord agus cairdeas
romhat. Aitheantas Fáilte Éireann agus luaite ar shuíomh gréasáin Gulliver
Ireland.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Catherine ag Teil: +353 (0) 99 75090.
Óstán Inis Oírr
Tá aitheantas Fáilte Éireann ag an Óstán seo agus tá teaghlach ina bhun ó 1979. Tá an t-óstán bródúil lóistín sainiúil, den scoth a chur a fáil do chuairteoirí. Seomra folctha i ngach seomra agus bricfeasta san áireamh. Bí leo ag deireadh an lae le dinnéar sa mbialann, nó ceol agus 'craic' sa mbeár. Suite 200m ón gcéibh, agus 10 nóiméad siúlóide ón Aerstráice agus tá siad lárnach dóibh siúd ar fad a thagann go hInis Oírr. Tabhair cuairt ar ár suíomh idirlín anseo. Tuilleadh eolais ar fáil ar Óstán Inis Oírr: +353 99 75020
Brú Inis Oírr
Tá an Brú seo lonnaithe go lárnach in Inis Oírr agus tá teaghlach ina bhun. Tá sé suite in aice na céibhe, na trá, na siopaí agus na mbeáir ina mbíonn ceol traidisiúnta chuile oíche. Tá meascán seomraí ann, seomraí le 4-6 leaba, seomraí teaghlaigh agus seomraí príobháideacha agus radharcanna áille astu ar fad ar Chuan na Gaillimhe. Tá cistin mhór féinfhreastail agus seomra bia sa bhrú agus seomra suí le tine oscailte, teilifís agus físeán. Roghnaithe ar cheann de na brúnna is fearr in Éirinn sa treoir "Hostels Ireland" le Paul Kerr. Oscailte: Márta - Deireadh Fómhair: áirithintí grúpa ar feadh na bliana.
Aitheantas Fáilte Éireann agus IHH. Seol r-phost faoi fhiosrúcháin áirithintí anseo! Chun breis eolais a fháil faoi Bhrú Inis Oírr: Teil +353 99 75024
Láthair Cámpála
Tá an láthair campála oifigiúil suite gar don trá, páirc spraoí, siopa, agus bialainn. Tá leithris, citheanna agus measáin níochána ann. Tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar an gComharchumann ag 099 75008.
Oscailte ó Bhealtaine go Meán Fómhair.




