Le déanamh
Gníomhaíochtaí Uisce
Tá trá álainn fhada ghainimh ar an oileán agus uisce na farraige breá glan. Tá an trá seo sábháilte do shnámh agus bíonn snámhaí tarrthála ar dualgas ann chuile lá le linn an tSamhraidh. Is caitheamh aimsire deas é dul ag iascaireacht slaite den chéibh nó de na carraigeacha le taoille ard. Tá sé furasta breith ar ronnach agus é sa séasúr le linn an tsamhraidh agus is beag duine a chaitheann amach dorú nach mbeireann ar cheann nó péire!
Capall agus Carr
Is féidir Capall & Carr a thógáil ar cíos ag an gcéibh nuair a thagann tú den bhád nó fiú ar an mbóthar. Bíonn daoine cairdiúla ón oileán ag tiomáint na gcairteanna seo agus tugann siad eolas faoin oileán chomh maith le freagraí a thabhairt ar aon cheist atá agat faoi shaol an oileáin. Is bealach deas é seo le haghaidh an t-oileán a fheiceáil agus ní bhfaighfeá bealach níos deise le dul chomh fada le do theach lóistín ná ar chapall agus cairt!
Rothair ar Cíos
Is é an bealach is fearr le dul thart ná ar rothar, casfar daoine ort ar an mbealach agus gheobhaidh tú blaiseadh níos fearr de shaol an oileáin. Is féidir rothair a fháil ar cíos thuas ag barr na céibhe nuair a thagann tú den bhád. Tá rothair sléibhe de gach saghas le fáil ar chíos ar rátaí lae nó seachtaine atá an-réasúnta. Beidh Sarah agus a deartháir Mícheál an-sásta cabhrú leat le do lá a phleanáil. Tabharfaidh siad mapa duit saor in aisce ar a bhfuil suímh an oileáin marcáilte. Tá siad oscailte chuile lá ón 9r.n. go dtí 7i.n. agus ba bhreá leo bualadh leat. Chun breis eolais a fháil faoi Rothair ar cíos glaoigh ar (099) 75033.
Ionad Ealaíne & Oidhreachta
Bunaíodh Áras Éanna, ionad ealaíne agus oidhreachta an oileáin sa bhliain 2000. Is monarcha fíodóireachta a bhí ann ar dtús a tógadh sa bhliain 1982 agus déanadh athchóiriú air. Mar ionad ealaíne comhaimseartha, bíonn cláir cónaitheachta ag Áras Éanna d'ealaíontóirí as Éirinn agus ón iasacht. Fanann na healaíontóirí suas le 4 mhí agus cuireann siad a gcuid oibre ar taispeáint. Tá amharclann ann freisin agus bíonn scannáin, ceolchoirmeacha agus drámaí anseo go rialta. Bíonn scannáin chartlainne ar siúl ann i rith an lae. Chun breis eolais a fháil déan teagmháil le Aonghus Dwane ag (099) 75150 nó cliceáil anseo do shuíomh gréasáin Áras Éanna.
Iascaireacht
Iascaireacht slaite farraige in Árainn. Is féidir teachín deas traidisiúnta féinfhreastail a thógáil ar cíos maraon le cairtfhostú lánchostais. Is féidir an teachín agus an bád a thógáil mar phacáiste agus an deis a thapú le do rogha méid iascaireachta a dhéanamh agus tú i do chónaí i dteachín deas. Chun breis eolais a fháil cuir ríomhphost ag Enda nó glaoigh ar: 099 75073
Turais Lae
Is féidir dul ar thurais lae as Inis Oírr chuig na hoileáin eile nó go dtí an mórthír. Tá an t-eolas faoi seo le fáil óna comhlachtaí farantóireachta agus aeir.
Cúrsaí Gaeilge
Reachtálann Inis Oírr cúrsaí i Meitheamh, Iúil agus Lúnasa do scoláirí méanscoile ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teangmháil.Seirbhísí & Cúrsaí Ceardaíocht
Tabhair cuairt ar an ngnó aistriúcháin, caoladóireachta agus fíodóireachta atá lonnaithe in Áras Éanna.
Teagmháil: CLEAS: Fón/Facs 099 75979 nó cleas@utvinternet.com
Uair sa tseachtain i rith an tSamhraidh, bíonn deis ag daoine fásta
casadh le chéile lena gcuid Gaeilge a chleachtadh.
Chun breis eolais a fháil glaoigh ar Ghlór na nGael (099) 75979 nó seol
ríomhphost chuig cleas@utvinternet.com
Ceardsiopa
Díolann An Ceardsiopa baill éadaí traidisiúnta Árannach agus earraí ceardaíochta as an oileán féin. Tá Teach Oidhreachta isteach leis an gceardsiopa seo freisin ina bhfuil go leor déantáin a bhaineann le stair an oileáin. Chun breis eolais a fháil glaoigh ar (099) 75021.


