Fáilte go hInis Oírr ar líne; suíomh gréasáin na n-oileánach le eolais a thabhairt do thurasóirí. Is féidir leat chuile eolas a bhfuil gá leis, faoin oileán Inis Oírr a fháil anseo; ár gcultúr, stair, an chaoí le do bhealach a dhéanamh chomh fada linn, agus céard le déanamh nuair atá tú anseo. Ba mhaith linn go mbainfeá taitneamh as do chuairt is cuma cén t-ábhar spéise atá agat.
Anseo is féidir leat brabhsáil ar rudaí le déanamh, cuartaigh lóistín, seiceáil imeachtaí bliantúla an oileáin, agus bualadh faoin siúlóid den oileán a mholann muide.......bain taitneamh as!
Tá Inis Oírr ar an oileán is deise agus is cóngaraí don mhórthír. Is é Inis Oírr seoid Oileáin Árann mar tá sé suite i bhfarraigí gléghlan glioscarnach gorm an Atlantaigh agus tá trá álainn ghleoite ann, plandaí agus bláthanna neamhghnách agus na cuimse radharcanna spéisiúla.
Feicfidh tú bealach saoil traidisiúnta á chleachtadh ag an bpobal de 252 atá ar an oileán seo agus is í an Ghaeilge a dteanga labhartha. Tabharfaidh an cultúr Ceilteach agus áilleacht na háite blaiseadh ar leith duit den áit speisialta seo. Tar agus bain taitneamh as ár n-oileán álainn agus in imeacht ama go mbeidh an oiread cion agat ar an áit agus atá againn fhéin!!
![]()