Fáilte go hInis Oírr ar líne - suíomh gréasáin na n-oileánach le eolais a thabhairt do thurasóirí.

DEÁN DO BHEALACH

Ar an bhfarraige nó san aer;

As Doolin

Is féidir seoladh chuig Inis Oírr as Doolin, atá suite ar chósta ó thuaidh Co. an Chláir, i ngar do Áilltreacha an Mhóthair. Níl Inis Oírr ach 8 km ó Doolin. Bíonn báid farantóireachta ann go laethúil (in aimsir fheiliúnach) i rith an tSamhraidh (Márta-Samhain). Is fearr glaoch ar na comhlachtaí farantóireacht roimh taisteal chun seoladh a dhearfú. Le tuilleadh eolas a fháil faoi Doolin, tabhair cuairt ar Doolin Tourism.

Seolann na comhlachtaí farantóireachta seo a leanas amach as Doolin:
Aran Doolin Ferries: +353 65 7074455 www.doolinferries.com
doolinferry.com: +353 65 7075555 www.doolinferry.com
Cliffs of Moher Cruises:
+353 65 7075949 www.cliffs-of-moher-cruises.com

As Ros a 'Mhíl

Tá Ros a Mhíl suite i gConamara, 40km taobh thiar de chathair na Gaillimhe, níos faide siar ná an Spidéal ar bhóthar an chósta. Seasann an turas báid go Inis Oírr timpeall 1 uair. Bíonn báid farantóireachta as seo go laethúil, ar feadh na bliana. Seolann na comhlachtaí farantóireachta seo a leanas amach as Ros a Mhíl:

Island Ferries: +353 91 572050 www.aranislandferries.com

Aran Islands Direct: +353 91 566535 www.arandirect.com

San aer

Tá Aer Arann ag eitilt chuig Oileáin Árann ó 1970, ag iompar oileánaigh, turasóirí agus lasta chuig agus ón 3 oileán ar feadh na bliana. Tá an aerstráice suite in Indreabhán, 30km taobh thiar de chathair na Gaillimhe, níos faide siar ná an Spidéal ar bhóthar an chósta. Bíonn eitiltí ann go laethúil, le suas go 25 eitilt sa lá i rith an tséasúr barrthráchtach. Is eitilt ghearr thaitneamhach de 10 nóiméad é seo. Cuirtear eitiltí spéiriúla ar fáil freisin. Le tuilleadh eolas a fháil faoi eitilt go Inis Oírr, déan teagmháil le Aer Arann.

Aer Arann: +353 91 593034 www.aerarannislands.ie

 

 

 

  •  

     

  •