COMHAR CAOMHÁN TEO
Bunaíodh Comhar Caomhán Teo i 1970. Tá ról lárnach ag an gComharchumann i bhforbairt an oileáin - idir forbairtí eacnamaíocha, forbairtí sóisialta agus forbairtí cultúrtha. Bunaíodh an Comharchumann ar dtús le bunseirbhísí riachtanach cosúil leis an scéim leictrachais agus an scéim uisce a chur ar fáil.
Ó shin ar leith tá go leor forbairtí curtha chun cinn ag an gComharchumann ar an oileán, ina measc:
- Bunú aersheirbhís agus tógáil aerstáisiún
- Bunú Méanscoile
- Tógáil Ionad Campála
- Leithris Poiblí ionnúr
- Liathróid Láimhe faoi dhíon
- Tithe Ceann Tuí
- Scéimeanna fostaíochta sóisialta
- Forbairt Páirc Peile agus Seomraí Feistis
Tá an Comharchumann freagrach as bainistiú an aersheirbhís thar ceann Údarás na Gaeltachta. Is acmhainn tábhachtach í oifig an chomharchumainn don phobal.
Is féidir eolas agus comhairle a fháil agus tá seirbhísí fótacóipeála, seirbhís lannaithe agus facs ar fáil chomh maith. Tá scéim bailiúcháin bruascar agus athchúrsáil á rith ag an gcomharchumann, ar son an comhlachta 'Timpeallacht na n-Oileán'. Seirbhísí don Phobal Bíonn an Comharchumann oscailte Dé Luain go dtí Déardaoin, ó 9 r.n. go dtí 5 i.n. agus Dé hAoine ó 9r.n. go dtí 4 i.n.
Tá na seirbhísí seo a leanas ar fáil 'sna hoifigí:Uisce le n-ól ar fáil Málaí athchúrsála ar fáil Seirbhisí facs fótachópáil lannú Saoráidí Leabharlainne agus Seirbhisí Idirlíon, Dé Máirt & Déardaoin 2.30 - 4.30 i.n. Comhar Creidmheasa Déardaoin 3.30-4.30 i.n.
Cumas: Eolas i dtaobh cearta Leasa Shóisialaigh nó
íocaíochtaí éagsúla nó deontais, 11 r.n. - 3.30 i.n., triú Máirt chuile
mhí