BIA & BEÁIR
Tigh Ruairí - Teach Aíochta agus Beár
Tá bia maith le fáil sa teach aíochta agus sa bheár seo atá rite ag teaghlach atá flaithiúil agus cairdiúil. Tá bia ar fáil chuile lá ar phraghas réasúnta. Bíonn bia mara atá sa séasúr le fáil freisin. Tá an beár seo suite go lárnach in Inis Oírr agus tá seirbhís den scoth ar fáil don chustaiméara ar feadh na bliana. Bíonn ceol sa bheár chuile oíche sa samhradh. Chun breis eolais a fháil nó áirithint a dhéanamh glaoigh ar (099) 75002
Óstán Inis Oírr - Bialann agus Beár
Is óstán é seo faoi chúram theaghlach Uí Fhlatharta. Tá bialann san óstán le neart roghanna ar an mbiachlár agus tá bia le fáil sa mbeár freisin. Bíonn bród ar an gcócaire agus ar an bhfoireann bia traidisiúnta a chur ar fáil chomh maith le roghanna nua-aimseartha. Bíonn béim sa bhiachlár ar an mbia mara atá sa séasúr agus iasc a bheireann iascairí áitiúla Inis Oírr air agus tá liosta leathan fíona ann le cur le do bhéile. Bíonn craic maith agus ceol sa mbeár chuile oíche le linn an tsamhraidh dá gcustaiméirí. Fón: (099) 75020 nó cliceáil anseo le breathnú ar a suíomh gréasáin.
Tigh Ned - Beár
Bunaithe ar dtús in 1897, ba é an beár áitiúil ag Brendan Behan é agus tá seansaol na háite le braith go láidir fós ann. Tá na ballaí clúdaithe le pictiúir agus le huirnéis a thaispeánann saol traidisiúnta an oileáin. Tá gairdín beorach freisin ann atá suite 15 méadar ó Bhá na Gaillimhe. Bíonn ceol traidisiúnta acu chuile oíche le linn míonna an tsamhraidh. Tá míle fáilte roimh aon cheoltóir a bhíonn ar cuairt cúpla port a chasadh agus suí isteach ar na seisiúin seo. Tá bia le fáil sa mbeár, agus ceann de na rudaí speisialta ar an mbiachlár ná an sailéad portán mór atá le fáil ar phraghas réasúnta. Níos mó eolais le fáil ó Bridie nó Páraic Ó Conghaile ag 099 75004.
Teach an Iascaire
Bia baile agus seirbhís den scoth. Téigh i dteagmháil le Enda ag (099) 75073.
Teach an Tae
Bain pléisiúr as bia atá bácáilte go tradisiúnta, agus bíodh cupán tae agat nó caife cóirthrádála, sa teach uathiúil seo, atá seasta ón 19ú aois. Bain taithneamh as ár dteallach teolaí nó bí ar do shuaimhneas sa ngairdín, áit a mbeidh radharcanna agat ar an trá agus ar an gcaisleán. Suite go lárnach, 100m suas ón trá. Cóin uachtar reoite ar fáil anois!




