Fáilte go hInis Oírr ar líne - suíomh gréasáin na n-oileánach le eolais a thabhairt do thurasóirí.

An Ghaeilge

Más maith leat do chuid Gaeilge a chleachtadh, tá ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin i dTeach an Tae ag 11 ar maidin.

Ealaíon agus Dramaíocht

Tá taispeántas phictiúir Bill Doyle ar siúl i mí Iúil agus ansin beidh

ealaíon Sheáin Ó Flaithearta ar siúl i mí Lúnasa in Áras Éanna.

Tá dramaí agus imeachtaí éagsula ar siúl tríd an tsamhraidh. Breathnaigh ar shuíomh idirlín Áras Éanna ag www.araseanna.ie.

Spóirt agus Spraoí

Más maith leat do chuid snámh a chleachtaidh beidh ranganna snámh anseo i mí Lúnasa.  Bíonn rásaí currach ar siúl ar trí oileán Árann gach bliain.  Beidh rásaí Inis Oírr ar siúl ar deire seachtaine an 15ú -17ú Lúnasa.  Bíonn rásaí na bpáistí ar siúl ar an Sathairn agus na daoine fásta ar an Domhnach. 

“Fuáil an Domhnaigh”

Tá fáilte romhat teacht chuig seomra na fuála in Áras Éanna gach tráthnóna  Domhnaigh ó 2-5.  Is féidir teicnící cuilteála simplí le láimh nó le meaisín fuála, nó deisiú simplí a fhoghlaim.  Tabhair leat d’ábhar fuála féin. Beidh sé ar siúl gach Domhnach i mí Meithimh ach amháin an Domhnach 29 Meitheamh.  Beidh cupán tae ar fáil freisin!

Tuilleadh eolais:  Mary McCarty 085 1699145

 


 

 

  • Rasaí Currach