ÁRAS EANNA - IONAD EALAíONA
Le radharcanna breá ar Inis Meáin, is é Áras Éanna an t-ionad ealaíne agus oidhreachta is faide siar san Eoraip. Ba mhonarcha fíodóireachta a bhí sa bhfoirgneamh seo tráth, ach d'athchóirigh na húinéirí, Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Inis Oírr - Comhar Caomhán Teo é i 1999 le cúnamh ón Aontas Eorpach agus ón gComhairle Ealaíon.
Déanann Áras Éanna iarracht ról dúbáilte a chomhlíonadh: an ról mar ionad oidhreachta agus ceardaíochta do mhuintir Inis Oírr, agus mar ionad ealaíne comhaimseartha agus traidisiúnta don phobal ina iomláine. I measc na n-áiseanna atá ann tá amharclann ina bhfuil spás do 70 duine, áiléar, caifé, gnó aistriúcháin agus ceardaíochta, seomraí ranga agus áras cónaithe d'ealaíontóirí. Bíonn drámaí, ceolchoirmeacha, cúrsaí agus imeachtaí ar siúl go rialta ann, agus bhí cónaí ar ealaíontóirí éagsúla in Áras Éanna ó bunaíodh é i 2000.
Feileann Áras Éanna go mór do ghrúpaí ar mian leo cúrsaí a reachtáil i dtimpeallacht chiúin fhrithchaiteach. Cuirtear fáilte chuile bhliain roimh ghrúpaí a dhéanann staidéar ar Spioradáltacht Cheilteach, ar mhachnamh agus ar fhorbairt phearsanta.
Feileann Áras Éanna go mór do ghrúpaí ar mian leo cúrsaí a reachtáil i dtimpeallacht chiúin fhrithchaiteach. Cuirtear fáilte chuile bhliain roimh ghrúpaí a dhéanann staidéar ar Spioradáltacht Cheilteach, ar mhachnamh agus ar fhorbairt phearsanta.
Le tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an suíomh idirlín ag
www.araseanna.ie, nó glaoigh ar
099-75150.
CLEAS: Gnó, le foireann agus uinéirí oileánda, i mbun obair aistriúcháin agus ceardaíochta as Áras Éanna. Chun breis eolais a fháil déan teagmháil le CLEAS: Fón/Facs 099 75979 nó cleas@utvinternet.com
Cleas Aistriú: Seirbhís aistriúcháin Béarla/Gaeilge agus Gaeilge/Béarla. Níl aon phíosa oibre róbheag ná rómhór dúinn. Teagmháil: CLEAS nó cleasaistriu@eircom.net Caoladóireacht:- Athbheochan ar chaoladóireacht Inis Oírr, ar fhás agus ar ghearradh na slata sailí áitiúla. Táirgí nua-aimseartha freisin. Na táirgí difriúla le feiceáil nó le ceannach san ionad oibre nó téigh i dteagmháil le CLEAS Fíodóireacht:- Seanscil fíodóireachta Inis Oírr le feiceáil sa chrios álainn ildaite. Teagmháil: - CLEAS


