Fáilte go hInis Oírr ar líne - suíomh gréasáin na n-oileánach le eolais a thabhairt do thurasóirí.

OILEÁIN ÁRANN

Is oileánrach iad Oileáin Árann, ina bhfuil trí phríomh oileán agus iad suite 38km siar as Gaillimh: Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Tá Inis Oírr ar an gceann is faide soir de na trí cinn le daonra de 252 agus le hachar de 4 mhíle cearnach ann.

Tugann an áilleacht chreagach, nádúrtha, agus tithe ceann tuí, sampla iontach den oidhreacht Cheilteach agus Chríostúil ionas go samhlaíonn an duine go bhfuil siad tar éis cúlú siar sna blianta.

Tá loirg an duine daonna a théann siar os cionn 5,000 bliain le feiceáil ar na hoileáin -idir Dún Iarannaoise breá agus fothracha diaganta atá fágtha ag áitritheoirí na Luathchríostaíochta.